Ball de chlann an anainn. Eipifítí de ghnáth, méith le duilleoga spíonacha, an-choiteann i gceannbhrat na foraoise trópaicí thar aon áit eile. Suntasach as an taiscumar uisce a bhailíonn siad i lár cupánchruthach chnota na nduilleog. Is féidir go mbeidh sé seo an-mhór, suas le 20 lítear, a ionsúnn an planda trí ribí ar na duilleoga. Soláthraíonn sé gnáthóg d'fhoirmeacha eile beatha (feithidí, débheathaigh is plandaí uisciúla, cuid acu nach maireann in áit ar bith eile) go minic i réigiúin nach mbíonn mórán uisce mhairbh iontu.