Planda ilbhliantúil cúplach a fhásann 5 m ar airde. Dúchasach do Mheiriceá trópaiceach. 3 dhuilleoigín ubhchruthacha leathana ar na duilleoga. Na pisbhláthanna scarlóideach nó uaireanta bán, ina gcrobhaingí ar ghais ag teacht amach as ascaillí na nduilleog. Na cochaill suas le 40 cm ar fhad, garbh is síolta móra dearga duánchruthacha iontu, féitheach cosúil le marmar, corcairdheargdubh. Coiteann mar ghlasra gairdín, saothraithe go forleathan ar son na gcochall óg inite. Fástar gnéithe abhcacha nach dreapairí iad freisin.