Ciaróg mhór dhorcha a fhaightear i siléir is cróite beithíoch. Na fireannaigh suas le 6 mm ar fhad, de ghnáth le starrtha ar a gceann cosúil le hadharca ach iad cumtha as na mandabail. Na larbhaí méith sorcóireach, ina gcónaí in adhmad lofa. Gluaiseann na daoil fhásta go ciotach agus itheann fásra lofa.