Planda débhliantúil nó ilbhliantúil scothghorm/ donn le boladh láidir. Dúchasach do réigiún na Meánmhara. Fásann sé suas le 2.5 m ar airde. Na duilleoga cleiteach, roinnte in an-chuid teascán snáithíneach. Na bláthanna buí in umbail 8 cm ar leithead. An toradh ubhchruthach féitheach. Saothraíodh ón aimsir chlasaiceach é ar a laghad. Úsáidtear na duilleoga mar bhlaistiú. Tá foirmeacha saothraithe le bunanna gais na nduilleog ata, agus itear iad úr i sailéid, is bruite mar ghlasra.