dcsimg

Yerba mate ( ирски )

добавил wikipedia GA
 src=
Ilex paraguariensis

Is éard is yerba mate ann ná lus ó Mheiriceá Theas a fhliuchtar le haghaidh ólacháin cosúil le tae. Tá caiféin sa yerba mate cosúil leis an tae, agus é in ann an tuirse a bhaint den duine dá réir sin. Duilleoga ón gcrann úd Ilex paraguayensis atá i gceist leis an yerba mate, crann a bhfuil gaol aige leis an gcuileann.

Bhí na bundúchasaigh ag ól mate i Meiriceá Theas i bhfad roimh theacht na gConquistadores, agus óltar idir the agus fhuar é. Tháinig an focal féin mate as an gCeatsuais, ach sa teanga sin, tagraíonn sé don tsoitheach ólacháin, seachas don deoch féin.

Is iad tíortha Río de la Plata, is é sin, an Airgintín, Paragua, agus Uragua, na tíortha is mó mate, idir shaothrú agus thomhaltas, chomh maith leis an gcuid den Bhrasaíl atá ag críochantacht leo, mar atá, stát Rio Grande do Sul. Ní óltar mórán den deoch taobh amuigh de na tíortha seo, áfach, ach sa chorr-áit, cosúil leis an Liobáinna hOileáin Chanáracha.

Bíonn blas leath searbh, leath milis sa mate féin, ach is gnách spíosraí a chur leis an mate, cosúil leis an dóigh a spíosraítear an tae le lusanna eile.

 src=
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


лиценца
cc-by-sa-3.0
авторски права
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
изворно
посети извор
соработничко мреж. место
wikipedia GA