Clann mhór iasc beag a mhaireann ar an ngrinneall gar don chladach. Faightear ar fud an Domhain i bhfarraigí trópaiceacha is measartha é, ach uaireanta i locha. Áitríonn sé sa chrios idirthaoideach i locháin is faoi charraigeacha. An cholainn ramhar, gan lanna. Cuid mhaith fiacla beaga sna gialla.