Béar atá forleathan sa leathsféar thuaidh is ea an béar donn. Mamach atá ann, agus is ball d'fhine na Ursidae é. An fionnadh tiubh donn, cruit shuntasach ar a ghuaillí. I Meiriceá Thuaidh áitríonn sé gnáthóga oscailte, ach coillte sa Seandomhan. Cuimsíonn sé an béar donn mór is an béar liath ó na Sléibhte Creagacha, agus béar Kenai is béar Kodiak (an feoiliteach is mó atá beo ar Domhan, suas le 2.7 m ar airde is 780 kg meáchain) i ndeisceart Alasca.