Grúpa mór plandaí bliantúla is ilbhliantúla, go minic dreapairí nó crúbadaigh, dúchasach do na réigiúin mheasartha thuaidh is Meiriceá Theas. Ainm eile uirthi is ea pis capaill. Na duilleoga cleiteach le duilleoigíní caola a chríochnaíonn i dteannóga; na pisbhláthanna aonarach nó i mbláthraí beaga nó fada spíceacha ag teacht amach as ascaillí na nduilleog; na cochaill leata, ag scoilteadh ar a bhfad in dhá chomhla. Gan tábhacht eacnamaíoch de ghnáth, uaireanta ina lotnaid don talmhaíocht. Saothraítear saghas coitianta amháin atá dúchasach don Eoraip, tuaisceart na hAfraice is réigiúin den Áise, a bhfuil bláthanna corcra uirthi, go forleathan mar fhoráiste d'ainmhithe.