Planda ilbhliantúil atá dúchasach do na réigiúin mheasartha sa leathsféar thuaidh go príomha. Na ríosóim féithleannach, na gais cearnach i dtrasghearradh, na duilleoga ubhchruthach i bpéirí urchomhaireacha, na bláthanna beag, bándearg go corcra, i bhfáinní is uaireanta i gcinn. Tagann a bholadh géar sainiúil óna bhláthola a mbíonn meantól inti. Hibridíonn mismíní go héasca, faoi shaothrú is sa nádúr. Fástar iad mar luibheanna is blastán don chistin. Bíonn bolaithe sainiúla ag na cineálacha éagsúla mismín sinséir, mismín piobair, cartlainn garraí, agus mismín anainn.