Bleib atá dúchasach don Eoraip is an Áise, réigiúin na steipeanna go háirithe mar a mbíonn an geimhreadh fuar is an samhradh te tirim. Fásann na gais díreach suas. Na duilleoga caol nó ubhchruthach, uaireanta corrach. Na bláthanna aonarach nó i ngrúpa de 2-6 cinn, i raon cruthanna is dathanna ach de ghnáth mór feiceálach, le 6 theascán iombhlátha cruinn nó biorach. Saothraítear mar mhaisiúchán leis na céadta bliain í, agus tá tionscal mór idirnáisiúnta bunaithe san Ollainn ar na mílte saothróg tiúilipí.