Is orgánach eocarótach é an Fungas a bhaineann leis an ríocht Fungi. Is grúpa monaifíléiteach iad na fungais a dtugtar Eumycota (fíor-fhungais nó Eumycetes) orthu, agus iad difriuil leis na slam-mhúscáin (myxomycetes) agus na huisce-mhúscáin (oomycetes). Is deacair fungais a thabhairt faoi deara: tá siad beag agus maireann san ithir, ar ábhar marbh agus ar rudaí beo. Is mór an bhaint atá acu le lobhadh agus le hathchúrsáil cothaitheach. Is féidir cuid acu a ithe, agus is maith an sás chun laibhiniú agus chun coipeadh iad. Baintear feidhm astu freisin chun antaibheathaigh agus eimsímí tionsclaíocha a dhéanamh. Tugtar an mhíceolaíocht ar an disciplín bitheolaíoch a bhaineann le staidéar na bhfungas, agus is minic a luaitear leis an Luibheolaíocht é, cé gur gaire na fungais d'ainmhithe ná do phlandaí.
Tá an iliomad saghsanna ann. Tá cuntas foirmiúil le fáil ar thimpeall 100,000 spéiceas,[1] ach níl láneolas againn fós ar éagsúlacht na bhfungas.[2]
De ghnáth cuirtear atáirgeadh gnéasach agus éignéasach i gcrích trí spórú agus is minic sain-struchtúir nó spórthorthaí ann chuige. Chuaigh de chumas roinnt fungas struchtúr atáirgeach a chruthú, agus nuair a shíolraíonn siad ní bhíonn ann ach atáirgeadh fásúil.
Fásann an chuid is mó de na fungais mar hífí, filiméid atá idir 2–10 micriméadar trasna agus a fhéadann a bheith cúpla ceintiméadair ar fad. Fásann hífí as a mbarr agus tagann na hífí nua amach ina gcraobhacha,[3] agus fásann mícéiliam, gréasán hífí, dá bharr.[4]
Is féidir le hífí a bheith fochrach nó céanaicíteach. Tá hífí fochracha roinnte ina ranna a bhfuil fochraí eatartha agus núicléas nó roinnt núicléas i ngach roinn. Tá póir idir na ranna a ligeann do chíteaplasma, d’organáidí agus do núicléis dul siar agus aniar. Os a choinne sin, is cealla ilnúicléacha iad na hífí céanaicíteacha.[5]
Fungais Oirdheisceart na hAstráile
Is orgánach eocarótach é an Fungas a bhaineann leis an ríocht Fungi. Is grúpa monaifíléiteach iad na fungais a dtugtar Eumycota (fíor-fhungais nó Eumycetes) orthu, agus iad difriuil leis na slam-mhúscáin (myxomycetes) agus na huisce-mhúscáin (oomycetes). Is deacair fungais a thabhairt faoi deara: tá siad beag agus maireann san ithir, ar ábhar marbh agus ar rudaí beo. Is mór an bhaint atá acu le lobhadh agus le hathchúrsáil cothaitheach. Is féidir cuid acu a ithe, agus is maith an sás chun laibhiniú agus chun coipeadh iad. Baintear feidhm astu freisin chun antaibheathaigh agus eimsímí tionsclaíocha a dhéanamh. Tugtar an mhíceolaíocht ar an disciplín bitheolaíoch a bhaineann le staidéar na bhfungas, agus is minic a luaitear leis an Luibheolaíocht é, cé gur gaire na fungais d'ainmhithe ná do phlandaí.
Tá an iliomad saghsanna ann. Tá cuntas foirmiúil le fáil ar thimpeall 100,000 spéiceas, ach níl láneolas againn fós ar éagsúlacht na bhfungas.