Aon phlanda go bhfuil xiléim is flóéim aige mar fhíocháin dhifriúla iompartha a chomhdhéanann an córas feadánach ann. I measc na bplandaí seo tá na plandaí bláfara, na gimnispeirmeacha, na raithní, na garbhóga is na heireabaill capaill. Difríochtaí breise idir a leithéid is na plandaí neamhfheadánacha is ea stómaí, agus an spóraifít mar ghlúin cheannasach. Níor aimsíodh aon cheangal iontaise idir na plandaí feadánacha is na plandaí neamhfheadánacha cosúil le caonaigh is algaí, agus luaitear é seo mar fhianaise go ndearna an dá shaghas seo éabhlóidí scoite ar leith.