Verteabraigh fuarfhuilteacha le chóras aer-análaithe is ea na Reiptílí. Bíonn craiceann láidir orthu faoi chlúdach gainní, acu in áit gruaige nó cleití. Is teitreapóid iad na reiptilí (le cheithre ghéag, nó síolraithe ó verteagraigh le cheithre ghéag) agus is aimníóit iad freisin, a bhfuil a suthanna mórthimpeallaithe le scannán aimníótacha.. Tá nathracha, laghairteanna, toirtísí, turtair, crogaill agus ailigéadair san áireamh in aicme na Reiptilí. Níl ach aon reiptíl dúchasach amháin in Éirinn, an t-earc luachra.
Cónaíonn reiptílí na linne i ngach mórroinn ach amháin in Antartaice, agus déanann ceithre ord atá fós beo ionadaíocht dóibh:
Beireann formhór an 8,000 speiceas reiptíle uibheacha ar tír agus tagann na hainmhithe óga amach ina gcruth iomlán, gan aon chéim larbhach. Beobhreith a bhíonn ar siúl ag na scuamátí ( Béarla: squamates).
Verteabraigh fuarfhuilteacha le chóras aer-análaithe is ea na Reiptílí. Bíonn craiceann láidir orthu faoi chlúdach gainní, acu in áit gruaige nó cleití. Is teitreapóid iad na reiptilí (le cheithre ghéag, nó síolraithe ó verteagraigh le cheithre ghéag) agus is aimníóit iad freisin, a bhfuil a suthanna mórthimpeallaithe le scannán aimníótacha.. Tá nathracha, laghairteanna, toirtísí, turtair, crogaill agus ailigéadair san áireamh in aicme na Reiptilí. Níl ach aon reiptíl dúchasach amháin in Éirinn, an t-earc luachra.
Cónaíonn reiptílí na linne i ngach mórroinn ach amháin in Antartaice, agus déanann ceithre ord atá fós beo ionadaíocht dóibh:
Crocodilia (crogaill, gairiáil, cadhmain agus ailigéadair): 23 speiceas Sphenodontia (tuatáraí ón an Nua-Shéalainn): 2 speiceas Squamata (laghairteanna, nathracha agus amfaibaenidí ("laghairteanna-péiste")): beagnach 7,900 speiceas Testudines (toirtísí agus turtair): beagnach 300 speiceasBeireann formhór an 8,000 speiceas reiptíle uibheacha ar tír agus tagann na hainmhithe óga amach ina gcruth iomlán, gan aon chéim larbhach. Beobhreith a bhíonn ar siúl ag na scuamátí ( Béarla: squamates).