Ball de ghné na gcónaiféar síorghlas, dúchasach don réigiún measartha sa leathsféar thuaidh, oirthear na hÁise go háiritheis ea an ghiúis (Abies). Na géaga is na craobhóga i bhfainní, le fáinne nua in aghaidh na bliana. Na duilleoga i 3 chineál: duilleoga an tsíolphlanda (caol fiaclach), duilleoga crotalacha aibí (ar phéacáin fhada, a chailltear go luath), agus duilleoga snáthaidchruthacha (i mbearta 2, 3 nó 5 cinn, ag brath ar an speiceas, iompartha ar phéacáin in ascaillí na nduilleog crotalach). Na buaircíní adhmadacha ar crochadh, dhá bhliain d'aois ar a laghad nuair a bhíonn siad aibí. Fástar go forleathan mar chrann foraoise í i gcomhair an adhmaid is an roisín a tháirgeann tuirpintín, tarra is pic, agus a thugann a boladh sainiúil di. An t-adhmad luachmhar mar go bhfuil sé frithsheasmhach i gcoinne meatha de bharr go bhfuil an oiread sin roisín ann.