dcsimg

Fungas ( irlandais )

fourni par wikipedia GA

Is orgánach eocarótach é an Fungas a bhaineann leis an ríocht Fungi. Is grúpa monaifíléiteach iad na fungais a dtugtar Eumycota (fíor-fhungais nó Eumycetes) orthu, agus iad difriuil leis na slam-mhúscáin (myxomycetes) agus na huisce-mhúscáin (oomycetes). Is deacair fungais a thabhairt faoi deara: tá siad beag agus maireann san ithir, ar ábhar marbh agus ar rudaí beo. Is mór an bhaint atá acu le lobhadh agus le hathchúrsáil cothaitheach. Is féidir cuid acu a ithe, agus is maith an sás chun laibhiniú agus chun coipeadh iad. Baintear feidhm astu freisin chun antaibheathaigh agus eimsímí tionsclaíocha a dhéanamh. Tugtar an mhíceolaíocht ar an disciplín bitheolaíoch a bhaineann le staidéar na bhfungas, agus is minic a luaitear leis an Luibheolaíocht é, cé gur gaire na fungais d'ainmhithe ná do phlandaí.

Tá an iliomad saghsanna ann. Tá cuntas foirmiúil le fáil ar thimpeall 100,000 spéiceas,[1] ach níl láneolas againn fós ar éagsúlacht na bhfungas.[2]


Moirfeolaíocht

 src=
Micreagraf aondathach a léiríonn hífí Penicillium mar rudaí fada trédhearcacha tiúbacha atá cúpla micriméadar trasna. Fásann coinidiofóir amach go sleasach ó na hífí, agus críochnaíonn le mogaill fiailídí a bhfuil coinidiofóir chruinne ina gcoirníní orthu. Tá fochraí le feiceáil mar línte dorcha trasna na hífí.

De ghnáth cuirtear atáirgeadh gnéasach agus éignéasach i gcrích trí spórú agus is minic sain-struchtúir nó spórthorthaí ann chuige. Chuaigh de chumas roinnt fungas struchtúr atáirgeach a chruthú, agus nuair a shíolraíonn siad ní bhíonn ann ach atáirgeadh fásúil.

Fásann an chuid is mó de na fungais mar hífí, filiméid atá idir 2–10 micriméadar trasna agus a fhéadann a bheith cúpla ceintiméadair ar fad. Fásann hífí as a mbarr agus tagann na hífí nua amach ina gcraobhacha,[3] agus fásann mícéiliam, gréasán hífí, dá bharr.[4]

Is féidir le hífí a bheith fochrach nó céanaicíteach. Tá hífí fochracha roinnte ina ranna a bhfuil fochraí eatartha agus núicléas nó roinnt núicléas i ngach roinn. Tá póir idir na ranna a ligeann do chíteaplasma, d’organáidí agus do núicléis dul siar agus aniar. Os a choinne sin, is cealla ilnúicléacha iad na hífí céanaicíteacha.[5]

Tagairtí

  1. Rangaítear an méid spéiceas i ngach fíleam de réir an 10ú heagrán de Dictionary of the Fungi (Kirk et al., 2008): Ascomycota, 64,163 spéiceas (lch 55); Basidiomycota, 31,515 (lch 78); Blastocladiomycota, 179 (lch 94); Chytridiomycota, 706 (lch 142); Glomeromycota, 169 (lch 287); Microsporidia,>1300 (lch 427); Neocallimastigomycota, 20 (lch 463).
  2. Mueller G.M., Schmit J.P. (2006). “Fungal biodiversity: what do we know? What can we predict?” Biodiversity and Conservation, imleabhar 16, lgh 1–5.
  3. Harris S.D. (2008). “Branching of fungal hyphae: regulation, mechanisms and comparison with other branching systems,” Mycologia, imleabhar 50, lgh 823–32, eagrán 6.
  4. Alexopoulos et al., lch 30.
  5. Chang S-T, Miles P.G. (2004). Mushrooms: Cultivation, Nutritional Value, Medicinal Effect and Environmental Impact. CRC Press. ISBN 0-8493-1043-1

Naisc

Fungais Oirdheisceart na hAstráile

Leabhair

  • Ainsworth G.C. Introduction to the History of Mycology, Cambridge University Press, Cambridge, UK. 1976. ISBN 0-521-11295-8
  • Alexopoulos CJ, Mims CW, Blackwell M. Introductory Mycology. 1996. John Wiley and Sons. ISBN 0-471-52229-5
  • Hall IR. Edible and Poisonous Mushrooms of the World. Timber Press, Portland, Oregon. 2003. ISBN 0-88192-586-1
  • Jennings DH, Lysek G. Fungal Biology: Understanding the Fungal Lifestyle. 1996. Bios Scientific Publishers Ltd, Guildford, UK. ISBN 978-1-85996-150-6
  • Kirk PM, Cannon PF, Minter DW, Stalpers JA. Dictionary of the Fungi (an 10ú heagrán). CABI, Wallingford. 2008. ISBN 0-85199-826-7
  • Taylor EL, Taylor TN. The Biology and Evolution of Fossil Plants. Prentice Hall, Englewood Cliffs, N.J. 1993. ISBN 0-13-651589-4
 src=
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


licence
cc-by-sa-3.0
droit d’auteur
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visiter la source
site partenaire
wikipedia GA

Fungas: Brief Summary ( irlandais )

fourni par wikipedia GA

Is orgánach eocarótach é an Fungas a bhaineann leis an ríocht Fungi. Is grúpa monaifíléiteach iad na fungais a dtugtar Eumycota (fíor-fhungais nó Eumycetes) orthu, agus iad difriuil leis na slam-mhúscáin (myxomycetes) agus na huisce-mhúscáin (oomycetes). Is deacair fungais a thabhairt faoi deara: tá siad beag agus maireann san ithir, ar ábhar marbh agus ar rudaí beo. Is mór an bhaint atá acu le lobhadh agus le hathchúrsáil cothaitheach. Is féidir cuid acu a ithe, agus is maith an sás chun laibhiniú agus chun coipeadh iad. Baintear feidhm astu freisin chun antaibheathaigh agus eimsímí tionsclaíocha a dhéanamh. Tugtar an mhíceolaíocht ar an disciplín bitheolaíoch a bhaineann le staidéar na bhfungas, agus is minic a luaitear leis an Luibheolaíocht é, cé gur gaire na fungais d'ainmhithe ná do phlandaí.

Tá an iliomad saghsanna ann. Tá cuntas foirmiúil le fáil ar thimpeall 100,000 spéiceas, ach níl láneolas againn fós ar éagsúlacht na bhfungas.


licence
cc-by-sa-3.0
droit d’auteur
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visiter la source
site partenaire
wikipedia GA