dcsimg

Ainmhí ( irlandais )

fourni par wikipedia GA

Is mórghrúpa orgánach iad ainmhithe. Déantar aicmiú orthu sa ríocht Animalia. Tá heiteratrófacht, illcheallacht agus mothálacht dá dtimpeallacht mar thréithe bunúsacha ag an ngrúpa seo.

Sanasaíocht

Tagann an focal " ainmhí" ón bhfocal Laidineach " animale", a thig ó anima, leis an gciall anáilanam. De réir an aicmithe eolaíoch, déantar na hainmhithe uile a chur i Ríocht. Tugtar daoine san áireamh leis na hainmhithe eile, ach i ngnáthchaint na ndaoine, déantar idirdhealú idir daoine agus na hainmhithe neamh-dhaonna.

Saintréithe

Tá tréithe ar leith ag ainmhithe lena ndéantar iad a idirdhealú ó bheothaigh eile. I dtosach báire, is eocarótaigh iad; sé sinn le rá go mbíonn cealla casta acu. Le heisceacht amháin,(Myxozoa) is bheothaigh ilcheallacha iad. Déanann na dhá tréithe seo iad a hindhealadh ó bhaictéir agus tromlach na bprótaisteach. Freisin, tá siad uile heitreatrófach agus díleánn siad bia de gnáth i seoimrín inmhéanach, rud a indhealaíonn iad ó phlandaí agus algaí. Tá siad éagsúil ó na plandaí, algaí agus fungais mar ní bhíonn cillbhallaí acu. Tá gach ainmhí gluaisteach i gcéim éigin dá shaol.

Comhdhéanamh

Tá coirp tromlach na n-ainmhithe roinnte i bhfíocháin éagsúla, a bhfuil féin déanta suas de saghas ceall áirithe. Tá na néaróga mar fíocháin speisialta, a bhfuil le fáil i dtromlach na n-ainmhithe, a ligean dóibh mothálach cruinn is sách gasta dá dtimpeallacht a bheith acu go minic. Freisin, tá matáin le fáil ins na n-ainmhithe amháin. Freisin, mar go ndéanann tromlach na n-ainmhithe bia a dhíleá i seomrín inmheánach, is minic go mbíonn córas casta acu chun déileail leis an mbia seo.

Atáirgeadh agus Forbairt

Baineann ainmhithe úsáid as an atáirgeadh gnéasach agus an atáirgeadh neamhghnéasach, cé gur fíor-anamh an rud é nach bhfaightear an atáirgeadh gnéasach i ngrúpa ainmhithe, fiú más neamh-ghnách an nós é. Tá tréithe eisiach ag ainmhithe ó thaobh forbairt de. I mbeagnach gach ainmhí, bíonn céim bhlastúil ag an suth, rud atá ina saintréith bhitheolaíochta eisiach ag ainmhí. Freisin, de bharr struchtúr a gcealla, baineann siad úsáid as go leor gluaiseacht cille i rith a bhforbairt ó ceall singil go suth, go ainmhí forbaithe.

Éabhlóid na nAinmhithe

Ó thaobh iarsamí de, thagann na n-ainmhithe ar an bhfód i dtosach báire i gclocha ó a bhfuil níos mó ná 600 milliúin bliain d'aois. Rinneadh an deighilt idir na grúpaí móra d'ainmhithe thart ar 542 millúin bliain ó shin agus tá siad fós ag athrú go dtí an lá inniu. Ní fios go fóil cé chomh gasta a raibh an deighilt seo agus cén cúis a bhí leis. Ach anois, tá na míllúin saghasanna difrúla d'ainmhithe ann, le réimse fíor-leathan slite beatha is gháthoga acu. Is féidir a rá gur mar dheall ar na trí treithe athluaite, an mothálacht ceadaithe ag an gcóras néaróige, an gluaiseacht gasta ceadaithe ag na matáin agus an féidreacht chun mórchuid foinsí funnimhe difrúla a úsaid ceadaithe ag an ndíleá inmheánach go raibh an cumas ag na n-ainmhithe chun an éabhlóid a dhéanamh sa slí seo.

Grúpaí móra ainmhithe

Is féidir níos mó ná tríocha fileam d'ainmhithe a aimsiú, ach tá mórchuid d'illgnéitheacht na n-ainmhithe le fáil i measc dornán beag de ghrúpaí móra. I measc na grúpaí seo tá Chordata, Arthropoda, Mollusca, Annelida agus Nematoda. Tá go leor d'éagsúlacht an ghrúpa le fáil lasmuigh de na grúpaí móra seo áfach.

Porifera

Is iad seo na spúinsí mara, ainmhithe simplí gan aon eagraíocht casta, gan fíocháin agus gan siméadracht a mhaireann trí bhia a scagadh ón uisce.

Radiata

Tá siméadracht ghathach agus eagraíocht bunaithe ar dhá chiseal d'fhíocháin mar chuid de na saintréithe is tábhachtaí den ghrúpa seo. Tá na smugairlí rón, na coiréalaigh agus na spíonáin mara mar bhaill den ghrúpa seo.

Deuterostomata

Tá siméadracht déthaobhach, eagraíocht bunaithe ar trí chiseal d'fhíocháin agus forbairt an anas ón gcéad oscailt sa suth mar chuid de na saintréithe is tábhachtaí den ghrúpa seo. Tá na cordaigh agus na eicínideirmigh (crosóg mhara agus a gaolta) mar bhaill den ghrúpa seo.

Ecdysozoa

Tá siméadracht déthaobhach, eagraíocht bunaithe ar trí chiseal d'fhíocháin, forbairt an bhéal ón gcéad oscailt sa suth agus foladh craicin mar chuid de na saintréithe is tábhachtaí den ghrúpa seo. Tá Arthropoda agus Nematoda mar bhaill den ghrúpa seo.

Lophotrochozoa

Tá siméadracht déthaobhach, eagraíocht bunaithe ar trí chiseal d'fhíocháin agus forbairt an bhéal ón gcéad oscailt sa suth mar chuid de na saintréithe is tábhachtaí den ghrúpa seo. Tá Mollusca (seilide agus a gaolta) agus Annelida (na péist deighilte) mar bhaill den ghrúpa seo.

Tábhacht na n-Ainmhithe

Tá ról suntasach ag ainmhithe i ngnáthóga éagsula mórthimpeall na cruinne.

Féach freisin

Nótaí

Tagairtí

Naisc sheachtracha

 src=
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


licence
cc-by-sa-3.0
droit d’auteur
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visiter la source
site partenaire
wikipedia GA

Ainmhí: Brief Summary ( irlandais )

fourni par wikipedia GA

Is mórghrúpa orgánach iad ainmhithe. Déantar aicmiú orthu sa ríocht Animalia. Tá heiteratrófacht, illcheallacht agus mothálacht dá dtimpeallacht mar thréithe bunúsacha ag an ngrúpa seo.

licence
cc-by-sa-3.0
droit d’auteur
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visiter la source
site partenaire
wikipedia GA

Meiteasón ( irlandais )

fourni par wikipedia GA

Ainmhí ilcheallach a bhfuil a cholainn eagraithe i bhfíocháin is orgáin ar leith.

 src=
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
 src=
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


licence
cc-by-sa-3.0
droit d’auteur
Údair agus eagarthóirí Vicipéid
original
visiter la source
site partenaire
wikipedia GA